|
Rannóg na bhFoghlaimeoirí
|
Taisce Focal
Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon
McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa
Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na
Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: stádas
sóisialta.
"Cúpla tiontú eile," arsa Nell léi féin,
"agus ba cheart go mbeinn ann." Bhí treoir mhion faighte aici
ó Lillian ar an ghuthán an oíche roimhe sin agus lean sí í focal
ar fhocal.
"Siúd thall é," arsa Nell. "Uimhir 16, Sráid
an bhFearnóg. Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile níl
Lillian ná a hiaradh gann san airgead."
Stad an tacsaí ar thaobh na sráide, dhíol sí an tiománaí
agus suas léi go dtí an doras. Bhrúigh sí cnaipe an chloig agus ní
raibh sé i bhfad gur oscail girseach
bheag chatach bhán an doras.
"An bhfuil do mhamaí istigh?" arsa Nell.
"Cé tusa?" arsa an páiste agus í ag coinneáil
greim maith ar an doras. Taobh thiar di thiocfadh le Nell duine inteacht
eile a chluinstean ag tarraingt uirthi. Dúirt guth "An sin tusa,
a Nell?"
"Is é," arsa Nell.
"I ngeall ar Dhia, a Emma, lig isteach an
bhean bhocht. Bhéarfá
mionna nach bhfaca tú aon duine ariamh," arsa Lillian le hEmma.
Lig
Emma uaithi an doras agus phóg Lillian Nell ar an leathcheann. Cé go
raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an
ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh
agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
"Emma, nach bhfuil tú ag dul a thabhairt croí
isteach do Nell?" arsa Lillian.
D'fholaigh an tachrán í féin i sciorta na máthar.
"An
ndéan sí coimhthíos nó an faiteach atá sí?" arsa Nell.
"Ó, fan go bhfeicfidh tú, ní bheidh sí i bhfad
ag
dul i ndánacht. Ní thiocfaidh druid ar a béal ansin. Beidh
sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort. Ná
habair nár cuireadh ar do shúile é," arsa Lillian. "Tá mé
céasta ag 'Cad é, Cad chuige' ó mhaidin go hoíche."
D'amharc Nell ar an pháiste agus ar an teach agus dúirt
léi féin go raibh an t-ádh dearg ar Lillian. Ar dhóigh inteacht bhí
an gruth agus an bainne i gcónaí aici.
"Seo, isteach leat," arsa Lillian.
Ionnach
nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl
de Nell. "A Dhia inniu," arsa sí léi féin, "tá
buí agus buí ann."
"Rachaidh muid siar anseo go dtí an chisteanach,"
arsa Lillian. "Tá
an caife ar obair agam."
"Maith thú," arsa Nell agus lean sí siar
Lillian a raibh greim rubaill ag Emma uirthi. Bhí an chisteanach
teolaí sochmar agus cibé tallann
a bhuail Lillian agus í ag péinteáil an halla, bhí
sé curtha thairsti fán am a dtáinig sí a fhad leis an
chisteanach. Bhí péint uachtair the shaibhir ar na ballaí agus ba
faoiseamh mór é nó bhí leaspáin
ar a cuid súl i ndiaidh an halla sin.
"An ólann tú bainne?" arsa Lillian. "Nach
saoithiúil an rud é nach cuimhin liom anois."
"Deor bheag bhídeach," arsa Nell, "le
dath a chur air go díreach."
"Anois a leanbh, cad é a bheas agatsa?
Braon bainne? Sú oráiste?" arsa Lillian le hEmma.
"Tae," arsa Emma.
"Ní
bheidh tae ná tae agat," arsa an mháthair. "Suigh isteach
chuig an tábla anois agus ól siar an bainne sin."
Shuigh Emma isteach gan focal a rá ach leagfadh
sí thú leis an aghaidh a bhí uirthi.
"Ná hamharc siar uirthi, a Nell. Féadann sí smut
a bheith uirthi anois ach dhéanfar dearmad glan de sin taobh istigh
de dheich mbomaite," arsa Lillian. "Is é sin nó beidh sí ina
suí ansin ag
conlach oilc agus níl a fhios cad é a bheas déanta aici
sula dtiocfaidh an oíche."
"Orú, a Dhia, lig di. Níl inti ach tachrán,"
arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste
a raibh a croí
ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh
béil poiblí a fháil ó Lillian.
"Shílfeá
nach leáfadh an t-im ina béal, ach dhíolfadh
sí sin ar an aonach tú," arsa Lillian. "Choinneodh
sí sa tsiúl céad."
Níor dhúirt Nell focal nó cad é a thiocfaí a rá.
Sa deireadh, le
cor a chur sa chaint, dúirt sí, "Tá
boladh breá agat, Bolognaise ab é?"
"Is é. Sin oideas ó Tuscany. Bhí duine de na
comharsana ar laetha saoire ansin agus mionnann sí nach
mblaisfidh tú go deo a shárú."
"Ní dheanfadh Tescos gnaithe duitse," arsa Nell
léi féin.
D'éirigh Lillian ina seasamh agus anonn léi chuig an
phota agus sháith sí spúnóg adhmaid sna súileogaí
a bhí ar an Bolognaise. Thug sí cúpla casadh dó agus dúirt,
"Anois, ní chuirfidh muid an sócamhach
roimh an dócamhach. Beidh seo againn i ndiaidh mé turas an tí
a thabhairt duit," arsa Lillian. "Níor
cheart go gcuirfeadh an Bolognaise amach sula bpillfidh muid. Tiontóidh
mé síos an teas ar eagla na heagla."
"Beidh sé sábháilte go leor," arsa Nell.
"Caithfidh sé go bhfuil morgáiste mór oraibh leis an teach seo."
"Níl muid chomh olc sin. Rinne muid pingin mhaith ar
an teach eile agus tá post maith ag Nigel sa chathair," arsa
Lillian.
Bhí
muileann iontach ag Lillian nuair a thosaigh sí ag caint ar
Nigel agus ba chúis
mhaíte go leor an teach gan í toiseacht ar phost Nigel sa chathair.
"Níor
mhaith liom a bheith dána ort, a Lillian, ach b'fhéidir
gurbh fhearr dúinn tabhairt faoin turas. Beidh orm tacsaí a ordú
thart fán hocht leis an traein dheireanach a fháil," arsa
Nell.
" Ó, nach bhfuil tú ag fanacht anocht? Tá seomra
ansin fá do choinne agus tá a fhios agam gur bhreá le Nigel
bualadh leat arís," arsa Lillian.
"Tá mé buíoch as an chuireadh agus cinnte ba deas
liom fanacht ach tá cruinniú agam an chéad rud ar maidin agus ní
thiocfadh liom á athrú."
"Nach mór an trua sin," arsa Lillian. "Bhuel,
níl
neart air. Seo, bhéarfaidh mé suas an staighre ar dtús tú."
Suas leo agus chonaic Nell na seomraí leapa uilig agus an
lofta agus na leithris agus a raibh ann. Anuas leo ansin agus rinne
siad turas ar an seomra suí, seomra staidéir Nigel a bhí i gcúl
an tí agus a raibh radharc álainn aige amach ar an gharradh. Bhí
luach airgid sa teach céanna.
"Bhuel, an maith leat an teach?" arsa Lillian.
"Ní thig liom a inse duit cé mhéad prochóg
a chonaic muid sula dtáinig muid ar an teach seo."
"Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus
í ag
iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin. "Is
dócha go bhfuil sé suaimhneach go leor anseo fosta. Ní chuirfidh aon
duine as nó uaibh," arsa Nell.
"Duine ná deoraí," arsa Lillian "agus ina
mhullach sin tá scoil bhreá fá
cheann míle dúinn."
Sin nuair a smaointigh Lillian nach bhfacthas Emma le
tamall. Rinne
sí ar an chisteanach agus bhí Emma ina seasamh ar stól ag cur tae
agus sú oráiste sa bhainne.
Thóg Emma a ceann agus d'amharc ar a máthair
agus ansin ar Nell.
"Och," arsa Lillian, "nach tú an ghirseach
dhána dhásach dholba" agus bhris
an gáire uirthi.
"Suigh ansin a Nell," arsa Lillian. "Beidh
greim bí againn nuair atá achan rud in
ord agus in inneall."
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas
ULTACH i mBéal Feirste.
|